Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Ag imeacht go Meiriceá: Bád Shligigh a shuíodh ag béal Ghabhla agus phiocadh siad suas paisinéirí as Na Rosa agus Gaoth Dobhair, ar a mbealach go Meiriceá. A chuimhne ar a mbealach go Meiriceá. A chuimhne ar an ‘American Wake.’ Daoine go leor a d’imigh gan pilleadh níos mó. | 00:05:55 | |
Cur síos ar an am a bhí sé ag obair in Albain agus ag siúl mílte ó fheirm go feirm agus ag luí amuigh ag taobh cruach féir san oíche nuair nach rogha ar bith eile acu. Bhíodh obair acu ag tanú na dtornapaí. Gheofá dídean in ‘model’ dá mbeadh conamar beag airgid agat. Chodhlaidh daoine ar na rópa in models. Bhí a gcuid bia féin le ceannach agus le cócaireacht acu. | 00:11:22 | |
Na Gorbals: Na hÉireannaigh sna Gorbals i nGlaschú, bhí tithe tábhairne ansin ina mbíodh na hÉireannaigh istigh iontu. | 00:04:07 | |
A chuimhne ar bhád Dhoire ‘An Rose’ nuair a bhí daoine, eallach agus cearca ar an bhád agus í ag dul go Albain. Bhíodh boladh iontach ar an bhád agus bhíodh daoine tinn uirthi. | 00:04:46 | |